An Stalwick, 1941
Tháinig Dinny as Meiriceá nuair a bhí sé 7 mbliana d’aois, chuaigh sé isteach an oileáin agus tar éis bliana cuireadh amach é le buachailleacht agus chuaigh sé go scoil Mhachaire Rabhartaigh. Séan Mór Hanraí a bhí ina mháistir scoile san am sin. Bhí sé ar an scoil an lá a tháinig duine le scéala agus chuaigh siad uilig amach le hamharc ar an bhád a caitheadh isteach in éadan na creigeacha in Inis Dúiche, bhí damáiste déanta di cheana ó thoirpéad. Léim triúr fear di isteach san fharraige ach bhí an fharraige garbh an lá sin agus bádh iad. Fuarthas an t-inneall ón bhád ina dhiaidh sin. Ba Dé Céadaoin a tharla an t-eachtra sin agus deirtear ó shin go dtosódh an t-inneall ag obair dóibh gach lá den tseachtain ach Dé Céadaoin. Cuireadh an triúr fear a bádh i reilig Chill Ulta ach tógadh cúpla bliain ó shin iad agus tugadh na bhaile iad. B’as an Iorua an bád agus na fir. Lucht de scoith an pháipéir a bhí ar an bhád, bhí 300 méachain in gach rolla páipéir. Bhí cruach uirthi fosta.
Cailleadh bád eile an bhliain chéanna, Meitheamh 1941. Chonaic Dinny an tionlacan amuigh ar an fharraige agus eitléain na nGearmánach ag caitheadh buamaí anuas air. Iris an t-ainm a bhí ar an bhád a tugadh go cé Bhaile an Easa agus litreacha a bhí sí a iompar. B'éigean dóibh rudaí a chaitheadh di mar go raibh sí pollta, bhí stocaí síodaí agus litreacha ag nigh isteach ar an Chládach, bhí na daoine ag tabhairt leo na litreacha agus a gcuardach le haghaidh airgid. | 00:09:41 | |